Ceisteanna Coitianta | FAQs

FAQs | Ceisteanna Coitianta faoi Lóistín in Ailt an Chorráin, Dún na nGall

 

Is é caifé agus faighneogaí an Wheelhouse do cheann scríbe le cuimhní cinn iontacha a dhéanamh in Ailt an Chorráin, Dún na nGall. Suite i mbaile cois farraige Ailt an Chorráin, Éire le nithe iontacha, agus rudaí spraíúla le déanamh agus le fiosrú. Lig do scíth inár gcaifé nó sna faighneogaí agus bain sult as na  radharcanna áille atá le feicéail ag an am céanna is cuma más cuairteoir nó duine de bhunadh na háite thú, níl sárú An Wheelhouse le fáil, buailigí isteach!

Conas a dhéanaim áirithint do bhord nó conas béile le tabhairt liom a ordú ón chaifé?

Is féidir leat  glaoch a chur ar ‘An Wheelhouse’ go díreach ar +353-74-95-42840 nó ríomhphost a sheoladh chuig TWHCBurtonport@gmail.com (tabhair faoi deara go bhféadfadh go mbeadh moill ar fhreagairt ríomhphoist le linn tréimhsí gnóthacha mar sin molaimid glaoch isteach)

An bhfuil rochtain do chathaoireacha rothaí ar shuíomh an chaifé / na bhfaighneogaí glampála?

Tá rochtain fhairsing do chathaoireacha rothaí againn ar ár n-áitreabh.

An bhfuil do bhialann oiriúnach do mhadraí?

Tá caifé an Wheelhouse deartha le bheith oiriúnach do mhadraí, mar gheall go bhfuil oiread grá againn do mhadraí agus thig suí san áit atá deartha go speisialta daofa, spás atá clúdaithe againn ar eagla go mbeadh aon bháisteach ann. Caithfear smacht a choinneáil ar mhadraí i gcónaí ar mhaithe leo féin agus ar mhaithe le custaiméirí eile, go háirithe páistí. Mar sin tabhair leat bhur gcuid madraí agus coinneoidh muidne sásta iad.

Cad iad na hamanna seiceála isteach ón 4 Iúil?

Seiceáil isteach: 16:00

Cé mhéad Faighneog Ghlampála atá agat ar an láithreán?

Tá 9 Faighneog Ghlampála againn ar an suíomh agus ar fáil le cur in áirithe.

Cé mhéad atá sé in aghaidh na hoíche?

€140 in aghaidh na hoíche don duine singil/lánúin agus €25 sa bhreis an duine agus ceadaítear uasmhéid de 4 i ngach faighneog. (Cuirfear línéadach agus piliúir breise ar fáil).

Cad é an uasmhéid gur féidir a bheith i ngach faighneog?

4 duine fásta/páiste Caithfidh duine fásta a bheith i ngach faighneog.

An bhfuil earraí níocháin san áireamh?

Níl earraí níocháin san áireamh.

An féidir leat Alcól a cheannach?

Is féidir linn 2 ghloine fíona a chur ar fáil do Prosecco ar €25.

Cén dáta a osclaíonn sibh?

Beidh muid ar oscailt ó Lá na Saoirse, 4ú Iúil. Agus tá súil againn go leor lóistín a thairiscint ar feadh na bliana.