An Wheelhouse Caifé
An Wheelhouse, Ailt an Chorráin, Contae Dhún na nGall
Tá caifé an Wheelhouse in Ailt an Chorráin i nDún na nGall aitheanta mar gheall go bhfuil sé deartha bunaithe ar théama na farraige agus é ag amharc amach ar loch príobháideach le suíocháin paitió taobh amuigh de agus rogha gach bí le freastal ar gach duine.
Is gnó teaghlaigh atá ann agus tá siad thar a bheith bródúil as an bhia blasta a chuireann siad ar fáil, idir iasc agus sceallóga traidisiúnta, seabhdar bia mara, sailéad mairteola Théalannach gan dearmad a dhéanamh ar bhurgair ‘vegan beyond’ agus caoineoga veigeán agus deochanna teo. Tá radharcanna áille le feiceáil ó chaifé an Wheelhouse agus an loch agus an fharraige le feceáil, tá sé oiriúnach do dhaoine de gach aois.
Tá bád súgartha sa pháirc súgartha do pháistí agus beidh cuimhní cinn iontach acu ar an bhaile iascaireachta seo dá bharr. Tá neart spóirt agus spraoi san ionad seo agus déantar iarracht gach duine a shásamh ón uair go leagann siad cos san fhoirgneamh go dtí go bhfágann siad é arís.
Tá caifé an Wheelhouse deartha le bheith oiriúnach do mhadraí, mar gheall go bhfuil oiread grá againn do mhadraí agus thig suí san áit atá deartha go speisialta daofa, spás atá clúdaithe againn ar eagla go mbeadh aon bháisteach ann. Caithfear smacht a choinneáil ar mhadraí i gcónaí ar mhaithe leo féin agus ar mhaithe le custaiméirí eile, go háirithe páistí. Mar sin tabhair leat bhur gcuid madraí agus coinneoidh muidne sásta iad. Bí cinnte agus buail isteach againn agus tú ag taisteal ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Is é caifé agus faighneogaí an Wheelhouse do cheann scríbe le cuimhní cinn iontacha a dhéanamh in Ailt an Chorráin, Dún na nGall. Suite i mbaile cois farraige Ailt an Chorráin, Éire le nithe iontacha, agus rudaí spraíúla le déanamh agus le fiosrú. Lig do scíth inár gcaifé nó sna faighneogaí agus bain sult as na radharcanna áille atá le feicéail ag an am céanna is cuma más cuairteoir nó duine de bhunadh na háite thú, níl sárú An Wheelhouse le fáil, buailigí isteach!
Radharcanna iontacha ag An Wheelhouse, Ailt an Chorráin, Dún na nGall
Cuid den Bhia Blasta
Ceisteanna Coitianta faoin Wheelhouse, Ailt an Chorráin, Dún na nGall
Conas a dhéanaim áirithint do bhord nó conas béile le tabhairt liom a ordú ón chaifé?
Is féidir leat glaoch díreach ar an gcaifé ar +353-74-95-42840 nó ríomhphost a sheoladh chuig TWHCBurtonport@gmail.com (tabhair faoi deara go bhféadfadh go mbeadh moill ar fhreagairt ríomhphoist le linn tréimhsí gnóthacha agus mar sin molaimid glaoch isteach)
An bhfuil rochtain do chathaoireacha rothaí ar shuíomh an chaifé / na bhfaighneogaí glampála?
Tá rochtain fhairsing do chathaoireacha rothaí againn ar ár n-áitreabh glampála.
An bhfuil do bhialann oiriúnach do mhadraí?
Tá caifé an Wheelhouse deartha le bheith oiriúnach do mhadraí, mar gheall go bhfuil oiread grá againn do mhadraí agus thig suí san áit atá deartha go speisialta daofa, spás atá clúdaithe againn ar eagla go mbeadh aon bháisteach ann. Caithfear smacht a choinneáil ar mhadraí i gcónaí ar mhaithe leo féin agus ar mhaithe le custaiméirí eile, go háirithe páistí. Mar sin tabhair leat bhur gcuid madraí agus coinneoidh muidne sásta iad.
An Wheelhouse Caifé Foirm Fiosrúcháin
Fill out form below to get in contact with our team